[Evertype]  Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas Home
 
  This review appeared in , 2003-11-24.

Níos aistíche agus níos aistíche

Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas

Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas

Lewis Carroll

Clúdach bog, 133 lch, €7.50, clúdach crua €20.00, Coiscéim & Evertype

Bhí mé iontach sásta an leabhar seo a fheiceáil mar léim bunleagan Béarla de gach dara bliain. Anois, beidh rogha agam leagan Gaeilge nó leagan Béarla a léamh. Ní de dheasca geall a cailleadh nó le pionós a chur orm féin a dhéanaim an léamh rialta seo ach de bhrí gur breá liom an t-imeartas focal agus na rainn raiméise atá ar fáil sa leabhar. Ar ndóigh, tá an bunscéal é féin faoi chailín beag dúdóite a thiteann ina codladh agus, a thiteann sios poll coinín isteach i ndomhan iontach ina bhfuil paca cártaí ábalta labhairt léi, tá sé taitneamhnach go leor. Ach is ar an imeartas focal is ar na rainn raiméise is mó a bhíonn an aird s’agam. Agus ní i m’aonar atáim mar tá sé ráite faoin leabhar seo agus faoin cheann a tháinig ina dhiaidh, Alice Through the Looking Glass, go bhfuil siad ar na leabhair is mó a thugtar sleachta astu (cé nach mbíonn a fhios ag an duine i gcónaí gur as na leabhair seo a thagann an sliocht).

Mar sin, bhí an-suim agam sa dóigh a dtabharfadh Nicholas Williams faoin aistriúchán mar ba léir nach mbeadh aistriúchán focal ar fhocal fóirsteanach in áiteanna áirithe. Deir sé féin sa réamhfhocal:

“Tríd is tríd, rinneadh iarracht sa leabhar seo na tagairtí do chultúr na Sasanach a ghaelú chomh fada agus ab fhéidir.”

Sampla mhaith de sin is é an cuntas tirim a thugann an Luch ar stair chóróin Shasana. Sa leagan Gaeilge, is ar stair na hÉireann agus ar na ríthe móra a thráchtann sé. Leanann Williams leis sa réamhfhocal:

“Tá an bunleabhar lán le himeartais focail freisin. Nuair nárbh fhéidir Gaeilge a chur orthu sin, féachadh lena macasamhla Gaeilge a chur ina n-áit.”

Le haghaidh samplaí den mhodh oibre seo, amharcaimis ar cheann de na heachtraí is ansa liom féin sa leabhar; is é sin an comhrá leis an Turtar Bréige agus an Gríobh agus iad ag cuimhneamh ar a laethanta scoile. Tá an leagan Béarla lán de ghreann (“We called him Tortoise because he taught us...”) agus d'imeartas focal ar na hábhair scoile (“Reeling and Writhing...”, “Mystery, ancient and modern”). Éiríonn go han-mhaith leis na leaganacha Gaeilge a chuireann Williams ar fáil do na samplaí thuas:

“Toirtís a thugaimis air... toisc go raibh toirtéis ag roinnt leis.”
“Léim agus Sníomh...”
“... an Spairn... Sean-Spairn agus Nua-Spairn.”

Ar ndóigh, tá an chuadraill a leanann na cuimhní cinn seo agus na treoracha a théann léi pléisiúrtha i dteanga ar bith agus, éiríonn go hiontach leis an rithim a choinneáil i leagan Gaeilge an amhráin chlúitigh dar curfá, “Will you, won’t you, will you, won’t you, will you join the dance?”. Anseo freisin, feicimid. an gaelú ag obair sa líne “Dá fhad an tslí ó Éirinn is giorra don Bhreatain sinn”. Níl mé iomlán ag magadh nuair a deirim go bhfaighim blas beag chomhairle agus fealsúnacht Sheáin Uí Ríordáin sa líne sin agus macalla , de “Fág Gleann na nGealt thiar”.

Ach is fíor gleann na ngealt a fhaighimid sa leabhar seo agus sin an fáth a bhfuil tóir chomh mór sin, ag páistí air ó foilsíodh é. Mar. atá ráite agam roimhe sna leathanacha seo, ní ionann leabhar do pháistí agus leabhar de chaighdeán íseal agus molaim daoibh sampla s’agamsa a leanúint agus an leabhar seo a athléamh ó am go ham leis an pháiste inmhéanach a shású. Ni ghlacfaidh leagan Williams áit an leabhair Béarla agus ní ceart go nglacfadh.

Ach, mar atá soiléir ó na samplaí thuas, is féidir sásamh a fháil as an dá leabhar mar gheobhaidh sibh an dá oiread grinn agus an dá oiread imeartais focail ar an dóigh sin. Is mór an buntáiste fosta go bhfuil na léaráidí cailiúla ó John Tenniel sa leagan Gaeilge. Dálta Winnie the Pooh, tá na fíorléaráidí i bhfad níos fearr ná iarrachtaí Disney.

Tá súil agam go mbeadh siad in Eilís Trid an Scáthan fosta, má tá leagan de sin beartaithe ag an fhoilsitheoir. B’fhéidir go mbraitheann sin ar díolachán an leabhair seo, mar sin, ceannaigí an leabhar seo; tá an Nollaig ag teacht, munar thug sibh faoi deara. An Turtar Bréige agus an Gríobh

 
HTML Michael Everson, Evertype, 73 Woodgrove, Portlaoise, R32 ENP6, Ireland, 2003-12-16

Copyright ©1993-2006 Evertype. All Rights Reserved