[Evertype]  An Leabhar Nimhe Home
 
 

An Leabhar Nimhe: Scéalta a fuair spreagadh ó H. P Lovecraft

An Leabhar Nimhe

Ceithre scéal le Panu Petteri Höglund. Scéal amháin le S. Albert Kivinen

Second edition, 2014. Maisiúcháin le Mathew Staunton. Cathair na Mart: Evertype. ISBN 978-1-78201-059-3 (paperback), price: €11.95, £10.95, $15.95.

Click on the book cover to order this book from Amazon.co.uk!

If you are in the U.K. or Ireland, order the book from Amazon.co.uk!

If you are in North America, order the book from Amazon.com or Amazon.ca!


réalta   Cúig ghearrscéal uafáis in aithris ar stíl an Mheiriceánaigh H. P. Lovecraft, a chruthaigh seánra nua scéalta uafáis—an tUafás Cosmach.

  “Cuitiliú”: An raibh na Seanóirí Móra ag siúl na hÉireann riamh? Caitheann an scéal seo súil ar leathanaigh dhearmadta Chín Lae Amhlaoibh.

  “Scairt na Réalta”: D'fhág a athair lámhscríbhinní rúndiamhra Gaeilge aige, agus nuair a léigh sé iad, mhothaigh sé na réaltaí ag glaoch air.

  “An Leabhar Nimhe”: Níor theastaigh uaidh ach seanleabhair Ghaeilge leis an teanga a fhoghlaim, ach ansin, tháinig ceann chuige a raibh nimh ann.

  “Péist an Mheán Oíche in Ikaalinen” atá i gcroí an bhailiúcháin seo—duais-scéal an fhealsaimh Fhionlannaigh S. Albert Kivinen, a chuir Lovecraft in aithne do léitheoirí fantaisíochta na Fionlainne. Sa scéal seo, tugann Kivinen cur síos ar arrachtach cosmach a rinne a nead in Ikaalinen, baile beag margaidh san Fhionlainn—fód dúchais an scríbhneora féin.

  “Paappana, nó Ceol Erkki Santanen”: Tharraing ceol an chlub na céadta daoine óga go dtí bruachbhaile leathlofa. Ach ansin, bhí an dúchinniúint ag fanacht leo thíos sa siléar.

  Panu Petteri Höglund a d'aistrigh gearrscéal Kivinen go Gaeilge agus a scríobh na ceithre cinn eile a fhoilsítear faoi chlúdach leabhair anseo. Casfar uafás cosmach Lovecraft ort san Fhionlainn agus in Éirinn, i saol an lae inniu agus i saol an lae roimh an Drochshaol. Chaith Panu Petteri Höglund na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar Ghaeilge na gcaint­eoirí dúchais le go bhféadfadh sé scéalta a insint i stíl a mbeadh blas ceart na teanga uirthi. Is é an bailiúchán gearrscéalta seo an dara leabhar Gaeilge a tháinig óna pheann. Na scéalta leis féin a fhoilsítear anseo, chuaigh siad i gcló an chéad uair in An Gael, iris Chumann Carad na Gaeilge sna Stáit Aontaithe.

Available from:

An Siopa Leabhar Baile Átha Cliath ••• Litriocht.com Trá Lí


 
HTML Michael Everson, Evertype, Cnoc Sceichín, Leac an Anfa, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, Éire, 2012-11-01

Copyright ©1993-2012 Evertype. All Rights Reserved