[Evertype]  Aistear Anama Home
 
 

Aistear Anama

Arthur Symons

By Tadhg Ó Caoinleáin

2014. Illustrated by Mathew Staunton. Oxford: The Onslaught Press. ISBN 978-0-9927238-3-5 (paperback).

Click on the book cover on the right to order this book from Amazon.co.uk!

Or if you are in North America, order the book from Amazon.com!


     

Is é seo an chéad chnuasach ó pheann Thaidhg Uí Chaoinleáin cé is go bhfuil sé ag cumadh dánta ar feadh i bhfad. Is turas taisceadála é an bailiúchán seo a chíorann a fhorbairt phearsanta mar Éireannach nua-aoiseach a léiríonn a ghrá dá theanga dhúchais, dá mhuintir is dá chairde. Tá bá doimhin ag an údar leis an nádúr i gcoitinne ach go h-áirithe le dúile mar fharraige, salann, clocha, cré agus gaineamh. Tá an saothar seo bunaithe ar shraith de thurasanna comhcheangailte óna óige i ranganna scoile a bhí dáinséareach uaireanta go dtí aois fir dhó le luí aige le h-iontaisí an tsaoil mar radharcanna, fuaimeanna agus bolaithe na tuaithe agus na cathrach araon. Cuimsíonn na h-aistir éagsúla seo dhá thuras thábhachtacha – ar láimh amháin, an turas ón domhan neamhchomhfhiosach chuig an domhan comhfhiosach agus ar an láimh eile dhe turasanna corpartha fisiciúla ó thalamh glas na hÉireann go dtí garráin líomóide na hIodáile Theas. Is múinteoir méanscoile agus comhairleoir páirt-aimsire é Tadhg Ó Caoinleáin atá ag obair i mBaile Átha Cliath mar a bhfuil cónaí air le blianta.

   

 
HTML Michael Everson, Evertype, 19A Corso Street, Dundee. DD2 1DR. Scotland, 2021-12-31

Copyright ©1993-2021 Evertype. All Rights Reserved