[Evertype]  Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas Home
 
  This review appeared in , 2004-12-26.

Léirmheas le Máire Nic Mhaoláin

Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi

Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi

Lewis Carroll

Clúdach bog, 170 lch, €7.50, clúdach crua €20.00, Coiscéim & Evertype

Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi mo rogha leabhar Gaeilge i mbliana. Aistriúchán é le Nicholas Williams ar Through the Looking Glass and What Alice Found There. Togha leabhair gan amhras, agus togha aistriúcháin. Saothar dúshlánach le haistriú, ach ní fheictear dom gur cailleadh dada den imeartas focal ná den spraíúlacht sa tiontú seo, gan trácht ar Ghaeilge ghlan sholéite sheolta a bheith tríd síos ann. Is mór mar a thaitin an véarsaíocht liom, agus na hainmneacha iontacha — Munachar agus Manchar (Tweedledum agus Tweedledee), agus Filimín Failimín (Humpty Dumpty).

Máire Nic Mhaoláin


This review appeared in Feasta, 2005-04.

Léirmheas le Máire Uí Nuanáin

Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi

Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi

Lewis Carroll, arna aistriú ag Nicholas Williams

Evertype-Coiscéim, vi + 138 lch. ISBN 1-904808-04-2 crua €20, 1-904808-05-0 bog €7.50

Tá sé os cionn trí scór bliain ó léigh mé Through the Looking-Glass ach níl mórán de fanta im’ chuimhne ach b’fhéidir an Bhanríon Bhán ag rá: “Subh inné agus subh amárach ach gan subh ar bith inniu”. Agus an chaora a bhí ag díol uibheacha ar 5 phingin is feoirling an ceann agus 2 phingin an péire.

’Sé an leabhar deireanach a chuimhneoinn a aistriú go Gaeilge. Scríobadh é os cionn céad tríocha bliain ó shin do mheánaicme Sasanach na linne sin: cur síos ar an nGiorraí teachtaire an Rí agus na goltraí Angla-Sasanach a chuir sé air féin; agus an Filimín Failimín – bhuel, céard d’fhéadfaí a rá faoi ach gur pearsanú de John Bull é, lán de mhór-is-fiú agus drochmheas aige ar aon tuairim ach ar a thuairim féin.

D’imigh an ré sin agus an dearcadh sin agus seo anois aistriú ar an leabhar Lastall den Scathán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi.

Tá éacht déanta ag Nicholas Williams mar is follas an draíocht agus an t-iontas sa leabhar fós – agus chomh maith leis sin tá sé Gaelaithe aige. Luaitear Droichead na Bóinne. Uair eile “bhfuil síneadh fada ar an bhfocal múirneach?” agus arís eile “Ní Gaeilge é ím-bím-babaró” agus a thuilleadh rudaí gur rídhóigh nár chuala Lewis Carroll trácht ariamh orthu. Is cliste a oibríonn sé.

Scéal iontais do pháistí a bhí ó thús ann, ach d’fhéadfaí a rá freisin gur do pháistí fásta é, scéal cliste bunaithe ar chluiche fichille. An Ceithearnach Bán (Eilís) a imreoidh agus a ghnóthóidh an cluiche laistigh d’aon bheart déag. Brionglóid é agus ar nós brionglóidí bíonn eachtraí osréalacha ann.

Bhí an Bhanríon Bhán ag maireachtáil “i ndiaidh a cúil”. Thosaigh sí ag scréachaíl chomh hard is gurbh éigin d’Eilís a lámha a chur ar a dhá cluais.

“Ar phrioc tú do mhéar?” ar sí leis an mBanríon. “Níor phrioc fós ach is gearr go bpriocfaidh.”

Ansin nuair a phrioc sí a méar bhí sí sásta mar bhí a cuid screadaíle déanta aici.

Cuireann Williams Gaeilge ar chuid de na cleasanna teanga, mar shampla, an gearrán (capall) ag gearán agus uaireanta ní chuireann. Éist:

“B’áisiúil dá caillfeá d’ainm,” arsa an Filimín Failimín. “Ní chaithfeá do bhan-oide a fhreagairt.”

“Tabharfadh sí miss orm,” a dúirt Eilís.

“Mura mbeadh aici ach Miss le tabhairt ort bheadh cead agat do cheachtanna a mhissáil,” an freagra a fuair sí.

Tá cuid mhaith aoradh sa leabhar ar an mór-is-fiú a bhain le haicmí áirithe ag deireadh na 19ú haoise: an cigire ticéad, cuir i gcás, a dúirt “Is fiú míle punt an nóiméad mo chuid oibre.” Is fiú míle punt an puth an deatach ón traein. Is fiú míle punt an t-órlach an talamh ann.

“Déanfaidh mé brionglóid anocht faoi mhíle punt tá’s agam go ndéanfaidh,” arsa Eilís bhocht. Ceapfá gur faoi Éirinn an lae inniu atá siad ag caint.

Aortar éirí in airde chomh maith. An Filimín Failimín ag caint arís: “Is duine mé a labhair le rí agus le taispeáint duit nach bhfuil móráil ar leith ag baint liom: tá cead agat láim a chrothadh liom.”

Tabharfaidh seanpháistí de m’aoise faoi deara an fhealsúnacht sa leabhar. Níl sa saol seo ach brionglóid. Ba mhór an dream le fealsúnacht den tsaghas sin meánaicme na 19ú haoise.

Tá an dán deireanach sa leabhar go hálainn agus é aistrithe ar fheabhas ag Williams. Déarfainn féin gur fearr mar dhán an leagan Gaeilge.

Cuirtear an bheatha seo i gcomparáid le turas báid – tá triúr go sona sásta agus iad ag gluaiseacht go haoibhinn ar an abhainn. Maíonn an scéalaí go mbeidh páistí san am atá ag teacht ag baint taitnimh as na heachtraí atá s ag insint.

Nach aoibhinn beith óg. Ach och! Ochón seo chucu an geimhreadh, an fuacht is an reo. Deireadh leis an aimsir bhreá, deireadh leis an aoibhneas. Táthar chugainn. Níl in aon rud ach seal. Nach samhail é den bheatha!

Brionglóid a bhí ag Eilís. Mar a dúirt Munachar léi nuair a bhí an Rí Dearg ag srannadh: “Níl ionat ach rud éigin in a bhrionglóid seisean. Agus mar a deirtear anseo, níl ionainn ach leanaí fásta, agus ba cheart go gcuirfeadh an leabhar seo áthas ar chroí aon linbh ó aois a 7 go dtí a 70 agus molaim do leanaí san aois sin é a léamh.

 
HTML Michael Everson, Evertype, 73 Woodgrove, Portlaoise, R32 ENP6, Ireland, 2005-04-22

Copyright ©1993-2006 Evertype. All Rights Reserved