This review appeared in Lá, 2003-11-24.
Iontas na n-iontas, tá Eilís Ghaelach againn!Eisíodh an leagan Gaeilge de Alice in Wonderland Dé hAoine.Le Michelle Ní GhriannaNi dhearnadh an leabhar seo a aistriú go Gaeilge ó bhí 1922 ann. Dúirt Alan Harrison, a sheol é, go raibh géarghá lena leithéid de leabhar dóibh siúd a bhí ag foghlaim na Gaeilge agus do pháistí fosta. D’fhoilsigh an dá chomhlacht Coiscéim agus Evertype an saothar clasaiceach. Dúirt Michael Everson gur leabhar breá simplí le léamh é agus go bhfuil véarsaíocht den chéad scoth le fáil ann. “Bhí píosaí ann a bhí simplí go leor a aistriú cosúil le ‘Óltar mé’ agus ‘Itear mé’ ach bhí píosaí eile ann a bhí dochreidte deacair a aistriú. Bhí cuid de na véarsaí go huile agus hiomlán ina ráiméis agus bhí cuid mhór oibre i gceist leo.” Tá Nicholas Williams, a d’aistrigh an leabhar, ina léachtóir le Gaeilge in ollscoil Bhaile Átha Cliath. “Is é an deacracht is mó a bhí agam ná an t-imeartas focal a bhí ar siúl ag Lewis Carroll. Ní féidir é a aistriú mar nach n-oibríonn sé ach sa Bhéarla. Bhí dán ann dar teideal ‘You were old, Father William’ agus an rud a bhí anseo ná scigmhagadh ar dhán eile. Bhí sé doiligh obair ar a leithéid sin. Bhí trioblóid againn fosta leis an Cheshire Cat; ghlac sé tamall fada teacht aníos le téarma cui ach sa deireadh thiar thall ghlac muid le Cat Clárach.” Sileann Nicholas gur scéal galanta é, Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas, agus go mbeidh dúil ag achan chineál duine ann. Ni ar mhaithe le leabhar a aistriú ón Bhéarla a rinne sé an obair. Ba chóir dúinn díriú isteach ar scéalta i dteangacha eile. Ni chuirfeadh sé am ar bith amú ag léamh saothar J. K. Rowling. Ta sé ag obair faoi láthair ar Lastall den Scáthán, leabhar clasaiceach eile a bheas againn go luach. D’athraigh sé píosaí den leabhar sa chaoi agus go mbeadh siad i bhfad ní b’fhóirsteanaí don saol Gaelach. D’úsáid siad maisiúcháin de chuid John Tenniel ón bhlian 1865. Tá an leabhar ar díol i siopaí anois ar €20 don chruachlúdach agus €7.50 don bhogchlúdach. Thig a thuilleadh eolais a fháil ar www.evertype.com/gram/eachtrai-eilise.html. |
HTML Michael Everson, Everson Typography, 48B Gleann na Carraige, Cill Fhionntain, Baile Átha Cliath 13, Éire, 2003-11-25 Copyright ©1993-2003 Everson Typography. All Rights Reserved |