[Evertype]  GaelSpell do Mac OS Baile
 
 

Suiteáil GaelSpell i gClarisWorks 4.0 do Mac OS

Teanga / language:

Déanann na treoracha seo cur síos ar conas GaelSpell a chur ag obair le ClarisWorks 4.0 ar an Macintosh. Bheadh a shuiteáil i leaganacha eile ClarisWorks cosúil leo seo, ach níorbh fhéidir sin a tástáil.

Suiteáil GaelSpell i gClarisWorks 4.0

  1. Luchtaigh an leagan is déanaí de GaelSpell do Mac OS ón leathanach luchtuithe.
  2. Sábháil an comhad seo i bhfillteán "Claris" laistigh den "System Folder" ("Fillteán Córais") ar do ríomhaire.
  3. Tosaigh ClarisWorks.
  4. Oscail an roghchlár "Edit" ("Eagar"), gliogáil ar "Writing Tools" ("Uirlisí Scríofa"), agus roghnaigh "Choose Dictionaries" ("Roghnaigh Foclóirí...") ar an bpreabchlár. Feicfear fuinneog mar seo a leanas:
  5. ClarisWorks

  6. Roghnaigh "MacGaelSpell2-CW".
  7. GaelSpell suiteáilte! Cruthaigh doiciméad nua agus clóscríobh roinnt focail as Gaeilge. Ansin gliogáil ar "Writing Tools" ("Uirlisí Scríofa") agus roghnaigh "Check Document Spelling" ("Dearbhaigh Litriú an Doiciméid...") ar an bpreabchlár.

Murar oibrigh na céimeanna thuas, nó má tá treoracha níos mine uait, cuir teachtaireacht ríomhphoist chugam le tuarascáil faoin fhadhb.

 
HTML Michael Everson, Evertype, Cnoc na Sceiche, Leac an Anfa, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, √Čire, 2001-12-30

Cóipcheart ¬© 1993-2002 Evertype. Gach Ceart ar Cosaint