An Oghamchraobh

Anders Ahlqvist

2.1 Is í aibítir an oghaim, nó an Oghamchraobh an chéad ghléas (dá bhfuil ar eolas againn) a bhí ag na Sean-Ghaeil lena dteanga a bhreacadh síos i bhfoirm scríofa. De réir an eolais a thugann seanlámhscríbhinní na Gaeilge, bhí sí mar seo a leanas:

B L V S N  H D T C Q  M G NG Z R  A O U E I

2.2 Go dtí le déanaí ar fad, glacadh go forleathan leis an rangú seo mar sheanrangú a bhí in úsáid ó ceapadh aibítir na hOghamchraoibhe den chéad uair (féach m.sh. Thurneysen 1961, 10). De réir taighde (McManus 1991, 1-2, 36-38) níos úire, áfach, tá cuid den aibítir seo le tuiscint ar chuma eile: tá McManus (McManus 1991; féach freisin Sims-Williams 1993, 51) den tuairim gur tháinig athrú ar an gcaoi a bhfreagraíonn litir do fhoghar, i dtrí cinn de na comharthaí thuas.

Dá réir sin, nuair a cuireadh an Oghamchraobh le chéile den chéad uair, sheas an litir Y (in áit H) don fhoghar ailbheolach cuimilteach caol /gh'/, sheas ST (in áit Z) don dá fhoghar le chéile sa charn /st/ agus sheas GW (in áit NG) don fhoghar liopachoguasach glórach /gw/, ach athraíodh sin níos déanaí agus cuireadh na litreacha sin a sheasamh do na foghair atá léirithe sa tábla thuas.

Go hachomair ar fad, is í an phríomhchúis a luann McManus leis na leasuithe seo a mholadh nach dócha go raibh /h/ H, /ts/ Z agus /ng/ NG inúsáidte ag tús focail nuair a cuireadh an Oghamchraobh le chéile den chéad uair. Ón taobh praiticiúil de, níl oiread sin tábhachta ag baint leis na hathruithe seo, ar an ábhar go bhfuil na trí comharthaí seo fíorghann sna hinscríbhinní atá ar eolas againn; go deimhin, níl aon sampla aimsithe fós den dá chomhartha H (Y) agus Z (ST).

2.3 Tá an aibítir seo in úsáid i roinnt mhaith inscríbhinní a shíolraíonn (McManus 1991, 96-97) ó thréimhse idir an ceathrú agus an seachtú haois A.D. Chomh maith leis sin, faightear anois agus arís i bhfoinsí lámhscríofa as Sean-Ghaeilge, as Meán-Ghaeilge agus as Nua-Ghaeilge freisin iad. Ainmneacha daoine agus eolas faoina sinsear atá sna hinscríbhinní féin, mar a fheictear sa dá shampla seo, a léiríonn (McManus 1991, 93) tús an traidisiúin agus a dheireadh:

MAQI-DECCEDDAS AVI TURANIAS
'Mhic-Dheichead Uí Thorna'
agus
ANM TEGANN MAC DEGLANN
'Ainm Theagáin Mhic Dhéagláin'

Sna foinsí lámhscríofa, faightear nótaí fánacha san oghamchraobh i measc ábhair eile atá scríofa i ngáthaibítir na Laidine: m.sh., LATHEIRT 'lathairt' (Stokes 1903 II, xxii).

2.4 Ó thaobh an litrithe féin de tá cúpla saintréith le tabhairt faoi deara go speisialta. Ar an gcéad dul síos, is fiú a lua go seasann G, D agus B idir gutaí do na foghair /g/, /d/ agus /b/ agus nach seasann C, T ná P do na foghair chéanna (mnar a sheasann i litriú na Sean-Ghaeilge, ach féach 3.21 thíos). Mar shampla, freagraíonn TEGANN agus DEGLANN thuas do na foirmeacha Tecán agus Déclán sa tSean-Ghaeilge (McManus 1991, 96).

Is é an dara rud gur minic a scríobhtar consain faoi dhó san Oghamchraobh. Níl scoláirí ar aon tuairim faoi fheidhm an nóis seo, ach b'fhéidir go bhfuil comhfhreagracht áirithe idir an tsaintréith seo agus cúrsaí séimhithe. Níl seo le sonrú go rialta ach maíonn Harvey (1987, 69; ach féach McManus 1991, 126) i bhfianaise na samplaí go bhfreagraíonn consan dúbailte (níos minice ná a mhalairt, ar aon nós) do chonsan nach mbeadh faoi shéimhiú i bhfoinsí níos déanaí.

Cé nach ionann seo agus a rá go raibh an séimhiú forbartha i ngach ceann de na hinscríbhinní oghaim, ar an gcuma chéanna is a bhí sa teanga atá ar eolas againn ó fhoinsí lámhscríofa, is dócha go raibh difríocht foghair de chineál éigin i gceist (Harvey, 1987, 47).

2.5 Tá cuid mhaith tuairimí éagsúla ar fáil maidir le bunús na hOghamchraoibhe, ach ní mór aontú leo sin a cheapann gur ar an aibítir Laidine atá sí bunaithe, mar a chruthaíonn líon na ngutaí sa chóras. Tá cuid mhaith le rá freisin ar son bhunús Laidine a bheith le rangú na litreacha, a fhad is a chuirtear san áireamh nach é ord na litreacha san aibítir Laidine faoi deara ord litreacha na hOghamchraoibhe, ach a n-ord mar a d'aicmigh gramadóirí na Laidine ina gcuid teagaisc iad (féach Ahlqvist, 1986, 54-57; Harvey, 1989, 22; McManus 1991, 27-31).


Leabharliosta
  • Alhqvist, Anders. 1986. :Gramadóirí Gaeilge agus Laidine", in Pádraig Ó Fiannachta, eag., Léachtaí Cholm Cille 16. Maigh Nuad. (Lgh. 54-70)
  • Harvey, A. 1987. "The Ogam inscriptions and their geminate consonant Symbols", in Ériu 38, 45-71.
  • Harvey, A. 1989. "Latin, literacy and the Celtic vernaculars around the year AD 500", in C. Byrne, H. Harry agus P. Ó Siadhail, eag., Celtic languages and Celtic peoples: Proceedings of the Second North American Congress of Celtic Studies. Halifax. (Lgh. 11-26)
  • McManus, Damian. 1991. A guide to Ogham. (Maynooth Monograph; 4) Maynooth: An Sagart. ISBN 1 870684 17 6; ISSN 0890 8806
  • Sims-Williams, P. 1993. "Some problems in deciphering the Early Irish Ogam alphabet", in Transactions of the Philological Society 91:133-80.
  • Stokes, W. agus J. Strachan. 1901, 1903. Thesaurus Palaeohibernicus I & II. Cambridge (athchló Baile Átha Cliath 1975).
  • Thurneysen, Rudolf. 1961. A grammar of Old Irish. Translated from the German by D. S. Binchy and Osborn Bergin. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.
    Ahlqvist, Anders. 1994. "Litriú na Gaeilge", in Kim McCone et al. eag., Stair na Gaeilge: in ómós do Pádraig Ó Fiannachta. Maigh Nuad: Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Phádraig. (Lgh. 23-59)
    Michael Everson, Evertype, Dublin, 2001-09-21