[Evertype]  Armas: Sracfhéachaint ar Araltas na hÉireann Home
 
 

Armas: Sracfhéachaint ar Araltas na hÉireann

Irish Heraldry

By Nicholas Williams

First edition, 2017. Illustrations by Nicholas Williams. Portlaoise: Evertype. ISBN 978-1-78201-139-2 (paperback), price: €18.95, £16.95, $19.95.

Click on the book cover on the right to order this book from Amazon.co.uk!

Or if you are in North America, order the book from Amazon.com!

Also available in English as Irish Heraldry: A Brief Introduction.


Is beag ní atá chomh spéisiúil leis an araltas, cé gur gá stór focal nua a fhoghlaim chun lántaitneamh a bhaint as an ábhar. Tugtar sa leabhar seo, atá arna mhaisiú ag an údar féin, cuntas ar bhunús araltas na hÉireann agus ar an gcaoi ar fhorbair sé. Ba iad na Sean-Ghaill a thug an t-araltas go hÉirinn ach de réir a chéile is amhlaigh a ghlac na Gaeil féin leis. Chun gnéithe éagsúla araltas na hÉireann a léiriú, baintear feidhm sa leabhar seo go hiomlán nach mór as armais Éireannacha, idir Ghaelacha agus Ghallda. Tugtar tuairisc freisin ar armais éagsúla thír na hÉireann féin, mar aon le harmais na gcúigí stairiúla. Pléitear armais chathracha, bhailte móra, chontaetha agus dheoisí na hÉireann freisin chomh maith le harmais roinnt Éireannach mór le rá. Ceist na dlínse araltaí is ábhar do na caibidlí deireanacha agus mínitear cén fáth ar fearr diúltú don “araltas siopa”. Sa chuid deireanach den leabhar tugtar léargas éigin freisin ar stair arailt agus rí-arailt na hÉireann chomh maith le bunú agus gníomhaíocht Oifig Phríomh-Aralt na hÉireann.    
Irish Heraldry
 


   
 
HTML Michael Everson, Evertype, 19A Corso Street, Dundee, DD2 1DR, Scotland, 2017-11-10

Copyright ©1993-2018 Evertype. All Rights Reserved