Teanga / language:
| Is litreoir nua saor an aisce don Ghaeilge atá i nGaelSpell. Tá GaelSpell dírithe ar mhic léinn, mhúinteoirí agus iriseoirí agus gach aon duine a scríobhann Gaeilge ar an Macintosh. Cabhraíonn GaelSpell le duine teacht ar bhotúin agus iad a cheartú go tapaidh.
Oibríonn GaelSpell le cuid mhaith próiseálaí focal. Le Microsoft Word, mar shampla, cuirtear líne dhearg faoi aon fhocail nach bhfuil litrithe i gceart i mBéarla nó i nGaeilge, mar a thaispeántar sa phictiúr thíos...
Agus mura bhfuil tú cinnte conas focal a litriú, control-gliogáil air, agus taispeánfar liosta de focail atá cóngarach dó...
Tá GaelSpell Leagan 3 bunaithe ar bhunachar sonraí a bhfuil le breis agus 289,000 focal téacs ann.
Diarmaid Mac Mathúna a cothaíonn an bunachar sonraí sin. Murar leor sin, is féidir focail a chur le foclóir GaelSpell gan mórán stró. Má tá a lán focal a úsáideann tú in easnamh ó fhoclóir GaelSpell, tá Diarmaid an-sásta na focail sin a chur leis an mbunachar sonraí aige. Scríobh chuig Diarmaid má tá tú ag iarraidh dó dhoiciméad agat a chur leis an mbunachar sonraí a úsáidfear chun an chéad leagan eile a ullmhú. (Ná seol na comhaid chuige gan scríobh chuige ar dtús, le do thoil.)
Is féidir GaelSpell a luchtú saor in aisce ach gliogáil anseo.
|