Teanga / language:
| Déanann na treoracha seo cur síos ar conas GaelSpell a chur ag obair le hExcalibur ar an Macintosh. Is féidir Excalibur a úsáid in éineacht le PageSpinner chun litriú i ndoiciméid HTML a sheiceáil.
Suiteáil GaelSpell in Excalibur
-
Luchtaigh an leagan is déanaí de GaelSpell do Mac OS ón leathanach luchtuithe.
- Sábháil an comhad seo i bhfillteán fheidhmchlár Excalibur ar do ríomhaire.
-
Tosaigh Excalibur.
-
Oscail an roghchlár "Dictionary" agus cinntigh go bhfuil "marc ticeála" in aice le "MacGaelSpell2 Dictionary".
- Tá GaelSpell suiteáilte!
Murar oibrigh na céimeanna thuas, nó má tá treoracha níos mine uait, cuir teachtaireacht ríomhphoist chugam le tuarascáil faoin fhadhb. |