Iompaíonn Microsoft Word an litir "i" bheag ina litir mhór toisc go nglacann sé leis go bhfuil tú ag clóscríobh as Béarla. Is féidir an fheidhm sin a mhúchadh trí na céimeanna seo a leanas a leanúint...
Oscail an roghchlár "Tools".
Cliceáil ar "Autocorrect..."
Clóscríobh an litir "i" sa bhosca "Replace".
Gliogáil ar an litir "I" mhór atá sa liosta focal a thaispeántar.
Gliogáil ar "Delete".
Is féidir úsáid a bhaint as foclóirí ar líne ar nós na cinn atá luaite ar an leathanach Nascanna chun litriú agus brí focal a chinntiú.
Má tá moltaí eile agat do leideanna gur fiú a lua ar an leathanach seo, cur ríomhphost chugam (réitithe Mac) nó chuig
Diarmaid Mac Mathúna (réitithe PC).
HTML Michael Everson, Evertype, Cnoc na Sceiche, Leac an Anfa, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, Éire, 2001-12-30