Teanga / language:
| Tar éis duit GaelSpell a luchtú agus a shuiteáil, tá sé éasca go leor é a úsáid: ní gá ach doiciméad nua a chruthú (nó ceann atá agat cheana féin a oscailt) agus tosú ag clóscríobh.
Ba chóir go dtabharfá faoi deara go bhfuil líne dhearg faoi aon fhocal nach bhfuil i liosta focal GaelSpell nó i bhfoclóir Béarla Microsoft Word. Níl le déanamh ach control-gliogáil ar aon fhocal atá litrithe go mícheart chun focail atá cosúil go leor leis ó liosta GaelSpell a fheiceáil. Gliogáil ar aon cheann de na focail sin chun iad a chur isteach i do dhoiciméad. Má chuirtear líne dhearg faoi fhocal atá tú cinnte atá litrithe i gceart, is féidir é a chur i liosta bhfocal GaelSpell gan mórán stró: Control-gliogáil ar an bhfocal, agus ansin cliceáil ar "Add" chun an focal a chur le liosta GaelSpell.
Má tá a lán focal a úsáideann tú in easnamh ó foclóir GaelSpell, tá Diarmaid Mac Mathúna án sásta na focail sin a chur leis an mbunachar sonraí aige. Scríobh chuig Diarmaid má tá tú ag iarraidh dó dhoiciméad agat a chur leis an mbunachar sonraí a úsáidfear chun an chéad leagan eile a ullmhú. (Ná seol na comhaid chuige gan scríobh chuige ar dtús, le do thoil.)
|