|
Ós rud é nach raibh fáil ar aon earra bog a bhí in ann na teangacha oifigiúla Paisteo agus Daraí a láimhseáil, bhí bac ar chumarsáid trí ríomhairí, rud a d’fhág go mbíodh ar an rialtas agus ar chomhlachtaí eile feidhm a bhaint as clóscríobháin.
Ba é Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe (UNDP) a d’iarr an tuarascáil, Riachtanais Logánta le haghaidh Ríomhairí na hAfganastáine, agus ba é Aontas na hEorpa a mhaoinigh í.
Díríonn an tuarascáil ar chuid rúndiamhair ach cuid thábhachtach de theicneolaíocht an eolais: códú ilteangach carachtar agus tiománaithe méarchlár.
“Ar an drochuair, na comhlachtaí móra ríomhaireachta a dhéanann clófhoirne agus feidhmchláir is féidir a úsáid le haghaidh na hAraibise, cuir i gcás, ní sholáthraíonn siad aon earra bog a thacaíonn le lucht úsáide theangacha na hAfganastáine.
“Is tromchúiseach an chonstaic é sin i slí theicneolaíocht an eolais ar fud na hAfganastáine agus is fadhb mhór é,” a deir Michael Everson, ceannaire an tionscnaimh agus comhairleoir ó Evertype, Baile Átha Cliath.
Is fear é a bhfuil saineolas aige i ndearadh clófhoirne i nGaeilge agus córais ríomhaire a chur in oiriúint do theangacha eile, an Ghaeilge san áireamh.
“Sábhálfaidh an staidéar seo acmhainní eolais atá ann cheana féin, sa chaoi gur féidir iad a roinnt agus a mhalartú amach anseo.
“Beimid ag tathant ar na comhlachtaí a dhéanann earra bog féachaint chuige go sásófar riachtanais ríomhaireachta na hAfganastáine,” arsa an tUasal Everson.
“Is éard atá i gceist le tacú le teanga cur ar chumas an úsáideora carachtair a ionchur ar mhéarchlár, iad a thaispeáint ar scáileán agus na sonrú sin a phriontáil.
“Ní mór rudaí eile a chur san áireamh freisin, ord aibítreach a ndéanfar sórtáil ann, formáidiú dáta agus ama, féilirí agus eilimintí eile a bhaineann go sainiúil leis an gcultúr áitiúil,” a mhínigh Roozbeh Pournader, speisialtóir an ghrúpa i bhfeidhmiú scríbhinn na hAraibise, ó Thionscnamh Farsi don Ghréasán, Tehran, an Iaráin.
I láthair na huaire is lú ná triúr as gach céad na daoine i gCabúl a bhfuil a fhios acu conas úsáid a bhaint as ríomhaire.
I réigiúin eile na hAfganastáine is ar éigean atá scileanna ríomhaireachta ag duine ar bith.
|