Teanga / language:
| Déanann na treoracha seo cur síos ar conas GaelSpell a chur ag obair le Microsoft Entourage 2001 ar an Macintosh. sáideann Entourage an foclóir céanna a úsáideann Word, mar sin, má suiteáladh sé cheana, léim go céim 3 thíos.
Suiteáil GaelSpell i Microsoft Entourage 2001
-
Luchtaigh an leagan is déanaí de GaelSpell do Mac OS ón leathanach luchtuithe.
- Sábháil an comhad seo i bhfillteán "Microsoft" atá laistigh i bhfillteán "Preferences" laistigh den "System Folder" ar do ríomhaire.
-
Tosaigh Microsoft Entourage agus oscail doiciméad nua poist.
-
Oscail an roghchlár "Edit", gliogáil ar "Preferences...", agus roghnaigh "General..." ar an bpreabchlár. Gliogáil ar cluaisín "Spelling", agus feicfear fuinneog mar seo a leanas:

-
Cinntigh go bhfuil "marc ticeála" sa bhosca in aice le rogha "Check spelling as you type".
-
Gliogáil ar chnaipe "Dictionaries...". Feicfear fuinneog "Custom Dictionaries" mar seo a leanas:

-
Roghnaigh an comhad a luchtaíodh (bheadh sin i bhfillteán "System Folder:Preferences:Microsoft") agus gliogáil "Select".
- Tá GaelSpell suiteáilte! Cruthaigh doiciméad nua agus clóscríobh roinnt focail as Gaeilge. Má tá gach rud ag obair i gceart, beidh líne dearg faoi aon focal nach bhfuil litrithe i gceart.
Is féidir breis eolais a fháil ar conas GaelSpell a úsáid ar an leathanach GaelSpell a Úsáid page.
Murar oibrigh na céimeanna thuas, nó má tá treoracha níos mine uait, cuir teachtaireacht ríomhphoist chugam le tuarascáil faoin fhadhb. |