Teanga / language:
| Déanann na treoracha seo cur síos ar conas GaelSpell a chur ag obair le Microsoft Word 2001 ar an Macintosh. Bheadh a shuiteáil i leaganacha eile Word cosúil leo seo, ach níorbh fhéidir sin a thástáil.
Suiteáil GaelSpell i Microsoft Word 2001
-
Luchtaigh an leagan is déanaí de GaelSpell do Mac OS ón leathanach luchtuithe.
- Mac OS X: Sábháil an comhad seo i bhfillteán Users/~/Library/Preferences/Microsoft/.
Mac OS 9: Sábháil an comhad seo i bhfillteán "Microsoft" atá laistigh i bhfillteán "Preferences" laistigh den "System Folder".
-
Tosaigh Microsoft Word agus oscail nó cruthaigh doiciméad.
-
Oscail an roghchlár "Edit" agus gliogáil ar "Preferences..."
Gliogáil ar chluaisín "Spelling and Grammar", agus feicfear fuinneog mar seo a leanas:

-
Cinntigh go bhfuil "marc ticeála" sa bhosca in aice le rogha "Check spelling as you type".
-
Cinntigh nach bhfuil "marc ticeála" sa bhosca in aice le rogha "Check grammar as you type" sa réimse "Grammar" ar bun an leathanaigh.
-
Gliogáil ar chnaipe "Dictionaries...". Feicfear fuinneog "Custom Dictionaries" mar seo a leanas:

-
Gliogáil ar chnaipe "Add...".
-
Roghnaigh an comhad a luchtaíodh (bheadh sin i bhfillteán "System Folder:Preferences:Microsoft") agus gliogáil "OK".
-
Gliogáil "OK" i bhfuinneog "Custom Dictionaries".
- Gliogáil ar phreabchlár "Custom Dictionary:".

- Gliogáil ar "MacGaelSpell2", ansin gliogáil "OK".
- Tá GaelSpell suiteáilte! Cruthaigh doiciméad nua agus clóscríobh roinnt focail as Gaeilge. Má tá gach rud ag obair i gceart, beidh líne dearg faoi aon focal nach bhfuil litrithe i gceart.
Is féidir breis eolais a fháil ar conas GaelSpell a úsáid ar an leathanach GaelSpell a Úsáid page.
Ní oibríonn foclóir GaelSpell le hExcel 2001 nଥ PowerPoint 2001.
Murar oibrigh na céimeanna thuas, nó má tá treoracha níos mine uait, cuir teachtaireacht ríomhphoist chugam le tuarascáil faoin fhadhb. |